Torthaí cuardaigh - Winslet, Kate
Kate Winslet
Is ban-aisteoir Sasanach í Kate Elizabeth Winslet (5 Deireadh Fómhair 1975 a rugadh í). Aisteoir ar leith í Kate Winslet atá ag treabhadh léi in iomaire na haisteoireachta ó na 1990idí ar aghaidh. Cé go bhfuil sí neadaithe i scioból samhlaíochta an phobail mar Rose in ''Titanic'' (1997) tá saothair théagartha agus taispeántais chumasacha taosctha chugainn aici i gcaitheamh na mblianta, go háirithe, ''Eternal Sunshine of the Spotless Mind (2004), Revolutionary Road (2007), The Reader (2009)'' agus le déanaí an tsraith iontach sin ''Mare of Easttown (2021).''Tá duais Oscar agus dhá dhuais Emmy gnóthaithe aici (suas go dtí 2024). Arna chur ar fáil ag Vicipéid